Rita E-Series le Máire Zepf agus Mr Ando
Rita agus an Róbat
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Tá a seomra leapa ina phraiseach, ach samhlaíonn Rita go bhfuil róbat aici a ghlanfaidh suas an phraiseach is mó. Ní bheidh Mamaí ag tabhairt amach riamh arís! Ach cad a tharlódh dá sórtálfadh an róbat rudaí nár chóir dó? Nó mura mbeadh a fhios aige cá huair ba chóir dó stopadh?
Rita agus an Chailleach
Samhlaíonn sí cailleach a bheith aici agus go mbeidh spraoi agus diabhlaíocht ar bun acu atá fiáin-gan-srian agus dorcha draíochtach. Ach cad é a dhéanfaidh Rita má chuireann an chailleach ruaig ar a cairde? Nó má thugann sí bia lofa le hithe di?
Rita agus an tSióg Mhaith
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Nuair nach bhfuil fonn uirthi í féin a ghléasadh ar maidin, samhlaíonn sí go bhfuil Sióg Mhaith aici. Ní bheadh le déanamh ag an tSióg ach a slaitín draíochta a chroitheadh agus – sbhúis! Ach cad a tharlódh ansin?
Rita agus an Ninja
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Agus is breá léi dul i bhfolach. Ba mhaith léi traenáil mar ninja. Ansin, bheadh sí ciúin, gasta, dofheicthe. An cén deireadh a bheadh leis?
Rita agus an Dragún
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Nuair a éiríonn sí crosta, samhlaíonn sí go bhfuil dragún fíochmhar feargach aici a chuirfeadh an domhan ar crith. Ach is féidir tine the na feirge a cheansú, agus tá a fhios ag Rita cén dóigh lena dhéanamh.
Rita agus an Lampa Draíochta
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Ba mhaith léi lampa draíochta agus ginid a thabharfas gach mian a croí di. Alacazám! Alacazaí! Zim Zam Alacazú! Ach bíonn níos mó ná máistir amháin ag ginid, nach mbíonn?